Ceachtanna i dTeanga Dhúchais Oileáin Mhanann (16-23)

Aistriúchán Gaeilge ar Lessoonyn ayns Çhengey ny Mayrey Ellan Vannin (1901) le Edmund Goodwin (curtha in eagar ag Robert Thomson). Aistrithe ag Peddyr Mac Niallan (Peddyr Beg).


16.– An briathar “bí.”

Aimsir chaite, leagan dearfach va.

va mee bhí mé va shin bhí muid / sinn
v’ou bhí tú va shiu bhí sibh
v’eh bhí sé v’ad bhí siad
v’ee bhí sí

17.– Aimsir chaite, leagan ceisteach nó spleách, row.

row mee? an raibh mé? row shin? an raibh muid?
r’ou? an raibh tú? row shiu? an raibh sibh?
row eh? an raibh sé? row ad? an raibh siad?
row ee? an raibh sí?

Cibé uair is dócha go gceapfar go bhfuil row ann in ionad an leagain shimplí r’ou, “an raibh tú?”, is fearr é an foirm threise row uss a úsáid ina áit.


18.– Aimsir chaite, diúltach.

cha row mee ní raibh mé cha row shin ní raibh muid
cha row uss ní raibh tusa cha row shiu ní raibh sibh
cha row eh ní raibh sé cha row ad ní raibh siad
cha row ee ní raibh sí

19.– Aimsir chaite, ceisteach diúltach.

nagh row mee? nach raibh mé? nagh row shin? nach raibh muid?
nagh row uss? nach raibh tusa? nagh row shiu? nach raibh sibh?
nagh row eh? nach raibh sé? nagh row ad? nach raibh siad?
nagh row ee? nach raibh sí?

20.– Is é an nath coitianta chun úiréireacht a léiriú é ta cabbyl ec Juan, “tá capall ag Eoin”, agus mar an gcéanna san aimsir chainte, va cabbyl ec Juan, cha row cabbyl ec Juan, agus mar sin de.

Nuair a leantar an réamhfhocal le forainm pearsanta cónaisctear an dá fhocal.

Is iad seo samplaí eile iad:

ta thie aym, tá teach agam.
ta thie ayd, tá teach agat.
ta thie echey, tá teach aige.
ta thie eck, tá teach aici.
ta thie ain, tá teach againn.
ta thie eu, tá teach agaibh.
ta thie oc, tá teach acu.
vel eh ayd? an bhfuil sé agat?
t’eh echey, tá sé aige.
ta fys aym, tá a fhios agam.
cha row fys eck, ní raibh a fhios aici.


21.– Ceisteanna agus freagraí.

Nuair a fhreagráítear ceist go dearfach úsáidtear leagan lom an briathair san fhoirm neamhspleách (e.g., ta, va) agus san aimsir céanna na ceiste. Le haghaidh freagairt diúltach a dhéanamh is í an fhreagairt í cha leis an bhfoirm spleách san aimsir cheart.

Samplaí: Vel eh ec y thie? “An bhfuil sé sa bhaile?” Ta. “Tá”. Cha nel. “Níl”. Row fys ayd? “An raibh a fhios agat?” Va. “Bhí”. Cha row. “Ní raibh”. Vel oo goll thie? An bhfuil tú ag dul abhaile?” Ta. “Tá”. Cha nel. “Níl”. Vel shiu fakin? “An bhfuil sibh ag feiceáil?” Ta. “Tá”.


22.– Aistrigh go Gaeilge.

Ta lioar aym. Ta fys ayd. Nagh row thie ayd? Va thie aym. Row thie oc? Cha row thie oc. Vel fys ayd? Cha nel fys aym. Vel ad ec y thie? Cha nel. Row ad ec y thie? Cha row. Nagh vel ad ec y thie? Ta. Cha nel. Vel oo goll dy scoill? Cha nel; ta mee goll thie. Vel shiu goll thie? Ta shin goll thie. Cha nel shin goll thie. Vel shiu çheet? Ta. Vel eh çheet? Cha nel. Vel shiu clashtyn mee? Cha nel; c’red ta shiu gra? Ta mee gra dy vel mee goll dy scoill. Ta mee gra dy row mee ec y thie.


23.– Aistrigh go Manainnis.

An raibh siad ag dul? Bhí siad ag dul. Ní raibh siad ag dul. An raibh sé ag teacht? Bhí. Ní raibh. An raibh sé sa bhaile? Bhí sé sa bhaile. Ní raibh sí sa bhaile. Níl siad sa bhaile. An bhfuil a fhios aige? Tá a fhios aige. Níl a fhios acu go bhfuil mé sa bhaile. An bhfuil leabhar agat? Tá leabhar agam. Níl leabhar aige. Feiceann siad, tagann siad, cluineann siad, deir siad, déanann siad. Faighim. Ní fhaighim. An bhfaighim? Nach fhaighim? Cuireann siad, tógann siad. Tá mé ag rá go bhfuil sé ag feiceáil an leabhar.


Ceachtanna Eile

[1-9] [10-15]

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s